← Bhí sé in a chónaí tamall maith taobh thiar de Leitir Caladh, agus bhí teach an-bheag aige agus bhíodh chuile dhuine ag caint air, agus thug sé "Cúirt an t-Srutháin Bhuí" mar ainm air, mar bhí sé suite in aice leis an Sruthán Buí. 🔊
← Bhí sé an-bhocht, agus rinne sé amhrán breá mar gheall ar é a bheith bocht. 🔊
← Tugtar "An Gréasaí" mar ainm air, mar sin é an t-ainm a thug sé féin ar an mbochtanas. 🔊
← Tugadh go Baile Átha Cliath é mar gheall ar chomh maith is a bhí sé ina fhile, agus bhí sé tuairim's céad agus a deich bliain d'aois nuair a cailleadh é. 🔊